intercelt
  baile > gnéithe d'éirinn - ionaid oidhreachta r-phost 
   

Gnéithe d'Éirinn -
Ionaid Oidhreachta

 
 
 


cogar - ireland's provinces
Tá eolas bailithe againn anseo ar roinnt ionaid oidhreachta lonnaithe ar fud na tíre. De ghnáth bíonn caifé/bialann, siopa ceirde agus fiú amharclann nó ardán ar fáil sna hionaid seo freisin. Léirítear seisiúin cheoil nó seónna seachtainiúla i gcuid acu mar sin is fiú glaoch a chur ar an ionad roimh ré chun a fháil amach an bhfuil aon rud ar siúl. Tá áiseanna ginealeolaíochta i gcuid acu freisin. Tá an t-eolas ar na hionaid oidhreachta roinnte suas de réir na gcúigí ina bhfuil siad lonnaithe, Connacht, Laighean, Mumhan agus Uladh.
 

 

   ^ 
  Mumhan
 
 
- Díseart,Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, An Daingean, Co. Chiarraí
  Bíonn léachtaí agus imeachtaí éagsúla ar siúl ag Díseart i rith na bliana.
  tuilleadh eolais
   
- Ionad an Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí  
  Déanann an t-ionad oidhreachta seo ceiliúradh ar oidhreacht an Bhlascaoid.
- ar oscailt : An Cháisc - Meán Fómhair
  tuilleadh eolais
   
- Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí  
  Seo an Músaem atá ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, áit a bhfuil eolas le fáil ar gheolaíocht, ar dhúlra agus ar oidhreacht sheandálaíochta an cheantair seo.
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Uladh
 
 
- An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
  Is acmhainn iontach í an Chrannóg do dhaoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.
Bíonn sí ar oscailt ó Luan go hAoine i rith an gheimhridh, agus gach lá i rith an tsamhraidh.
  tuilleadh eolais
   
- Ionad Cois Locha, Dún Lúiche, Co.Dhún na nGall  
  Is Ionad oidhreachta agus cultúrtha é seo, le caifé agus dhá thuras treoraithe. Bíonn sé ar oscailt ón Cháisc go dtí mí Dheireadh Fómhair, Luan go Satharn.
  tuilleadh eolais
   
- Tí Chulainn, An Mullach Bán, Contae Ard Mhacha  
  Tá ábhar a bhaineann le cultúr traidisiúnta oirdheisceart Uladh le fáil sa chartlann atá ag Tí Chulainn, chomh maith le beár agus siopa tae.
Bíonn an t-ionad ar oscailt Luan go hAoine (roinnt deirí seachtainí) i rith an gheimhridh, agus Luan go Satharn i rith an tsamhraidh.
  tuilleadh eolais
   
- Teach Mhicí Mac Gabhann, Machaire Rabhartaigh, Gort an Choirce, Dún na nGall  
  Áit bhreithe Mhichí Mhic Gabhann, údar 'Rothaí Móra an tSaoil', an t-ionad seo. Tá turas treoraithe agus caifé ann.
Bíonn an t-ionad ar oscailt i rith an tsamhraidh, Luan go Satharn.
  tuilleadh eolais
   
- Teach Mhuiris, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall  
  Is teachín ceann tuí atá déanta i stíl áitiúil Dhún na nGall é Teach Mhuiris. Tá seomraí tae ann chomh maith agus bíonn sé ar oscailt i rith an tsamhraidh.
  tuilleadh eolais
   
 
  baile > gnéithe d'éirinn - ionaid oidhreachta  r-phost