intercelt
  baile > faoin aer - siúlóidí r-phost 
   

Faoin Aer -
Siúlóidí

 
 
 


cogar - ireland's provinces
Tá roinnt eolais bailithe le chéile anseo a bheidh úsáideadh do té go bhfuil suim aige/aici saoire siúlóide a chaitheamh in Éirinn. Tá an t-eolas roinnte de réir na gcúigí ina mbíonn na himeachtaí ar siúl, Connacht, Laighean, Mumhan agus Uladh.

Cé go bhfuil áiteanna le fáil ar fud na tíre ar fad atá oiriúnach chun siúil, tá an rogha is fearr siúl sléibhe le fáil sna réigiúin shléibhtiúil timpeall an chósta agus na siúlóidí is fearr ar thalamh íseal i lár na tíre. Cé go bhfuil an-tóir ar shiúlóidí mar chaitheamh aimsire le roinnt blianta anuas, tá roinnt áiteanna scaipthe ar fud na tíre fós a d'fhéadfá a shiúl is gan casadh le duine ná deoraí.

Má tá sé ar intinn agat seal a chaitheamh ag siúl is tú ar saoire, bí cinnte go bpacáileann tú do mhála dá réir. Tá roinnt moltaí le fáil anseo ar léarscáileanna a d'fhéadfadh a bheith úsáideach.
 

 

   ^ 
  Connacht
 
 
- Comharchumann Dún Chaocháin, Ceathrú Thaidhg, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo  
  Tá siúlóidí marcáilte le cuaillí treo leagtha amach ag an gComharchumann. Tá na siúlóidí ar fhaid éagsúla agus tá cuid acu níos deacra ná a chéile.
- ar fáil an bhliain ar fad.
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Laighean
 
 
- Áras Uí Ghramhnaigh, Ráth Cairn, Co. na Mí  
  Tugtar deis do rannpháirtithe Gaeilge a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i siúlóidí sna cnoic agus in imeachtaí seandálaíochta.
- ar siúl 28 Iúil - 4 Lúnasa 2001
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Mumhan
 
 
- Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais
 
  tuilleadh eolais
   
- Hidden Ireland Tours, An Daingean, Co. Chiarraí  
  Soláthraíonn Hidden Ireland réimse turas a ghlacfaidh chuig na háiteanna is iargúlta agus is áille sa tír seo tú. Is í an speisialtóireacht atá acu ná turais ar leith a eagrú do ghrúpa ar bith. Tá turas nua amháin do 2001.
  tuilleadh eolais
   
- Seachtain Daonscoile, An Rinn, Co. Phort Láirge
 
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Uladh
 
 
- Comharchumann Árainn Mhór, Árainn Mhór, Dún na nGall  
  Tá trí shiúlóid marcáilte le cuaillí treo leagtha amach ag an gcomharchumann. Tógann na siúlóidí seo idir 2 - 6 uair an chloig.
- ar fáil an bhliain ar fad.
  tuilleadh eolais
   
- Comhchoiste na Gaeilge - Aontroim Thuaidh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall  
  Eagraíonn an comhchoiste clár amháin de fhiúlóidí sna cnoic i gCo. Dhún na nGall, i mí Iúil. Tá an clár dátheangach seo oiriúnach dóibh siúd le Gaeilge, nó gan í.
  tuilleadh eolais
   
- Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
  Turais siúlóide dheireadh seachtaine agus seachtaine do ghrúpaí i sléibhte Thír Chonaill. Bíonn cúrsaí eile dar teideal ' An Cultúr Beo', a nascann foghlaim na Gaeige le siúlóidí.
- ar fáil Aibreán - Meán Fómhair 2001.
  tuilleadh eolais
   
- Tí Chulainn, An Mullach Bán, Contae Ard Mhacha  
  Tá turas spaisteoireachta cruthaithe ag Tí Chulainn darb ainm 'Cosán na bhFilí'.
  tuilleadh eolais
   
 
  baile > faoin aer - siúlóidí  r-phost