intercelt
  baile > eile - ealaíona & ceirdeanna r-phost 
   

Eile -
Ealaíona & Ceirdeanna

 
 
 


cogar - ireland's provinces
Tá eolas le fáil anseo ar ghníomhaíochtaí éagsúla ealaíne agus ceirde atá ar fáil ar fud na tíre. Tá an t-eolas roinnte de réir na gcúigí ina mbíonn na himeachtaí ar siúl, Connacht, Laighean, Mumhan agus Uladh.
 

 

   ^ 
  Laighean
 
 
- Áras Chrónáin, Br. an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22  
  Bíonn ranganna ar siúl go seachtainiúil do dhaoine óga agus fásta. Bíonn trí théarmaí i rith na bliana. Bíonn na ranganna do dhaoine fásta ar siúl oícheanta Mháirt agus ranganna do dhaoine óga maidin Shatharn
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Mumhan
 
 
- Samhlaíocht Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí  
  Féile ealaíon bhliantúil le clár imeachtaí éagsúla
- ar siúl 14 - 17 Aibreán 2001
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Uladh
 
 
- Ceardlann Péintéireachta, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall  
  Eagraíonn an comhchoiste cúrsaí péintéireachta i gCo. Dhún na nGall i rith na bliana. Bíonn na cúrsaí dátheangacha seo oiriúnach dóibh siúd le Gaeilge nó gan í.
  tuilleadh eolais
   
- Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
  Soláthraíonn Oideas Gael trí chúrsaí éagsúla dírithe ar imeachtaí ealaíon agus ceirdeanna.
1. Péintéireacht - cúrsa seachtaine stiúrtha ag an bpéintéir gairmiúil Éireannach, Kenneth King. Tá an cúrsa seo oiriúnach d'idir thosaitheoirí agus péintéirí atá ag dul i bhfeabhas.
- ar fáil mí Iúil 2001
2. Potaireacht - cúrsa seachtaine ina múintear scileanna dúchasacha potaireachta. Tá an cúrsa seo oiriúnach do thosaitheoirí.
- ar fál mí Iúil 2001.
  tuilleadh eolais
   
- Táipéis Gael, Málainn Bheag, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall  
  Beidh sraith de chúrsaí á reáchtáil ag Táipéis Gael i bhfíodóireacht táipéisí, i rith an tsamhraidh.
Beidh na cúrsaí ar siúl Meitheamh - Lúnasa 2001.
  tuilleadh eolais
   
 
  baile > eile - ealaíona & ceirdeanna  r-phost