intercelt
  baile > foghlaim na gaeilge - ardchaighdeán r-phost 
   

Foghlaim na Gaeilge -
Ardchaighdeán

 
 
 


cogar - ireland's provinces
Faoi mar a léirítear sa liosta leis seo tá roghanna éagsúla foghlama ar fáil don té atá ar ardchaighdeán Gaeilge. Tá an t-eolas roinnte de réir na gcúigí ina mbíonn na himeachtaí ar siúl, Cúige Chonnacht, Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh.

Nóta: Cé go bhfuil an t-eolas roinnte de réir cúige, ní gá gurb í an chanúint is dual den reigiún áirithe sin a múintear sna coláistí. Sula gcuireann tú áit in áirithe b'fhiú duit a fháil amach ón gcoláiste/eagraíocht cén chanúint a múintear ann.
 

 

   ^ 
  Connacht
 
 
- Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, Co. na Gallimhe
  Soláthraíonn Áras Uí Chadhain dhá chúrsa ar leith don té atá ar ardchaighdeán Gaeilge:
1. Dianchúrsa cónaithe cheithre seachtaine
2. Cúrsaí dheireadh seachtaine do ghrúpaí eagraithe idir Dheireadh Fómhair agus an Cháisc
  tuilleadh eolais
   
- Coláiste Ísliomáin, Inis-Meáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe
  Reáchtáileann Coláiste Íosliomáin dhá chúrsa seachtaine sa Ghaeilge do dhaoine fásta.
1. 30 Meitheamh - 5 Iúil 2002
2. 11 - 16 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Laighean
 
 
- Áras Chrónáin, Br. an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22  
  Bíonn ranganna do dhaoine ar ardleibhéal Gaeilge á reáchtáil i rith na bliana acadúla - ó Mheán Fómhair go Bealtaine
  tuilleadh eolais
   
- Áras Uí Ghramhnaigh, Ráth Cairn, Co. na Mí  
  Bíonn sraith de chúrsaí dheireadh seachtaine agus cúrsaí seachtaine á soláthar sa cheantar Gaeltachta seo:
1. Tá na cúrsaí dheireadh seachtaine ar fáil - Feabhra & Aibreán 2002
2. Tá na cúrsaí seachtaine ar fáil - Iúil & Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2
  Reáchtáileann Conradh na Gaeilge dianchúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta i rith an tsamhraidh, agus i rith na bliana.
  tuilleadh eolais
   
- Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
  Reáchtáileann Gael Linn cúrsaí i rith na bliana i mBaile Átha Cliath agus cúrsaí samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall
  tuilleadh eolais
   
- UCD, Belfield, Baile Átha Cliath 4  
  Reáchtáileann Rannóg an Aosoideachais, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cúrsa amháin don té atá ar ardchaighdeán Gaeilge - Gaeilge V
1. Deireadh Fómhair - Nollaig 2001
2. Feabhra - Aibreán 2002
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Mumhan
 
 
- Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co.Chiarraí
  Soláthraíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne dhá chúrsa seachtaine atá oiriúnach don té atá ar ardchaighdeán Gaeilge. Bíonn na cúrsaí seo trí mheán na Gaeilge.
1 - An Ghaeilge, an Timpeallacht agus an tSeandálaíocht: 22 - 27 Iúil 2002
3 - Cruinneas agus Litríocht na Gaeilge - 12 - 17 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Seachtain Daonscoile, An Rinn, Co. Phort Láirge
  Bíonn ranganna do dhaoine ar ardleibhéal Gaeilge á reáchtáil ag Daonscoil na Mumhan i rith sheachtain na Daonscoile.
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Uladh
 
 
- An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
  Reáchtáileann an Chrannóg dianchúrsaí seachtaine do gach caighdeán, a mheascann ranganna foirmeálta le turais agus seisiúin.
- ar fáil Iúil - Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Cumann an Phiarsaigh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
  Reáchtáileann Cumann an Phiarsaigh cúrsaí teaghlaigh sa Ghaeilge agus sa chultúr i nGaeltacht Dhún na nGall
- ar siúl mí Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
- Cursaí Gaeltachta Ghael Linn, Co. Dhún na nGall
  Reáchtáileann Gael Linn cúrsaí i rith na bliana i mBaile Átha Cliath agus cúrsaí samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall
  tuilleadh eolais
   
- Dáil Uladh, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall  
  Eagraíonn an comhchoiste roinnt mhaith cúrsaí i gCo.Dhún na nGall i rith na bliana.
1. Dianchúrsaí dheireadh seachtaine sa Ghaeilge
2. Dáil Uladh - cúrsaí seachtaine / coicíse do dhaoine fásta
3. Cúrsaí teaghlaigh - do thuismitheoirí agus a gclanna.
  tuilleadh eolais
   
- Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
  Soláthraíonn Oideas Gael cúrsaí dheireadh seachtaine agus cúrsaí seachtaine do dhaoine ar ardchaighdeán Gaeilge, a mheascann ranganna foirmeálta i rith an lae le seisiúin istoíche. Tá cúrsa ann chomh maith a mheascann an Ghaeilge le siúlóidí agus imeachtaí cultúrtha
1. Cúrsaí dheireadh seachtaine ar fáil - Márta, Meitheamh, Deireadh Fómhair 2002
2. Cúrsaí seachtaine ar fáil - Aibreán, Meitheamh, Iúil & Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
 
  baile > foghlaim na gaeilge - ardchaighdeán  r-phost