intercelt
  baile > ceol, amhráin & rince - seisiúin cheoil r-phost 
   

Ceol, Amhráin & Rince -
Seisiúin Cheoil

 
 
 


cogar - ireland's provinces
Níl aon easpa imeachtaí ceoil le fáil in Eírinn agus tá na roghanna chomh héagsúil go n-oirfeadh siad do gach meon is mian. Tá sonraí tugtha anseo ar thráthnóintí éagsúla ceoil nó ar sheisiúin. Tá an t-eolas roinnte de réir na gcúigí ina mbíonn na himeachtaí ar siúl agus fo-roinnte arís ó thaobh seisiúin cheoil agus amhránaíochta agus ceilithe agus seónna.

Is féidir teacht ar Sheisiúin Cheoil agus Amhránaíochta in aon áit in Éirinn, aon am den bhliain. Rinneamar iarracht liosta a chur le chéile de na seisiúin is nádúrtha agus gan bacúint leis na cinn a bhíonn dírithe go huile is go hiomlán ar thurasóirí. Tá fáilte roimh chuairteoirí seal a chaitheamh ag éisteacht agus tabhairt faoi amhrán iad féin más dual dóibh é. Mar aon leis sin má tá gléas ceoil agat, de ghnáth beidh fáilte romhat cúpla port a sheinnt.

Bíonn na Céilithe agus Seónna beagán beag níos foirmeáilte. Ag go leor céiltithe taispeántar de chuairteoirí conas na rincí a dhéanamh ar dtús. Tá sé éasca iad a fhoghlaim, ach ar aon tslí is féidir aithris a dhéanamh ar dhaoine eile. Is tábhachtaí go mór go mbainfeá triail astu agus sult is sásamh a bhaint as an oíche. Is léiriúcháin amharclainne a bhíonn sna seónna le meascán de cheol, amhránaíocht agus damhsa.
 

 

   ^ 
  Connacht
 
 
  Seisiúin Cheoil agus Amhránaíochta

- Scoil Samhraidh Joe Mooney, Droim Seanbhó, Co.Liatroma
  Bíonn roinnt mhaith seisiúin ceoil mar chuid den scoil samhraidh seo
- ar siúl 20 - 27 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
  Céilithe agus Seóanna

- Scoil Samhraidh Joe Mooney, Droim Seanbhó, Co.Liatroma
  Bíonn céilithe agus ceolchoirmeacha istoíche i rith na féile seo
- ar siúl 20 - 27 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Laighean
 
 
  Seisiúin Cheoil agus Amhránaíochta

- Áras Chrónáin, Br. an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22  
  Bíonn roinnt mhaith oícheanta ceoil ag an ioand cultúrtha seo gach seachtain.
1. Seisiúin ceoil gach Céadaoin, Déardaoin, Aoine, Satharn agus Domhnach.
2. Ceol agus rince traidisiúnta gach Aoine.
  tuilleadh eolais
   
- An Chultúrlann, 32 Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath  
  Bíonn seisiúin sa Chultúrlann gach Céadaoin, Aoine agus Satharn i rith na bliana.
  tuilleadh eolais
   
- Dún na Sí  
 
  tuilleadh eolais
   
- SULT - Club Gaeilge Bhaile Átha Cliath, The Castle Inn, Lord Edward St., Dublin  
  Is é SULT club Gaeilge agus ceoil Bhaile Átha Cliath. Eagraíonn siad oícheanta siamsaíochta gach dara Déardaoin den mhí.
  tuilleadh eolais
   
  Céilithe agus Seóanna

- Áras Chrónáin, Br. an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22  
  Bíonn céilí ag an ionad seo dhá uair sa mhí, gach dara Satharn.
  tuilleadh eolais
   
- An Chultúrlann, 32 Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath  
  Tá dhá oíche éagsúla san earnáil seo ag an gCultúrlann:
1 - Bíonn céilí ar siúl gach oíche Aoine i rith na bliana
2 - Fonntraí, seó stáitse le ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus rince, a bhíonn ar siúl i rith an tsamhraidh
  tuilleadh eolais
   
- Dún na Sí  
 
  tuilleadh eolais
   
- Damhsa na Bóinne, Áras Uí Ghramhnaigh, Ráth Cairn, Co. na Mí  
  Reáchtáileann an Comharchumann seó, Damhsa na Bóinne, i rith an tsamhraidh.
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Mumhan
 
 
  Seisiúin Cheoil agus Amhránaíochta

- Ionad Cheol Cruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh, Luimneach  
 
  tuilleadh eolais
   
- Seachtain Daonscoile, An Rinn, Co. Phort Láirge
 
  tuilleadh eolais
   
  Céilithe agus Seóanna

- Ionad Cheol Cruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh, Luimneach  
 
  tuilleadh eolais
   
- Seachtain Daonscoile, An Rinn, Co. Phort Láirge
 
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Uladh
 
 
  Seisiúin Cheoil agus Amhránaíochta

- O Donnell's Bar, Mín na nAoirí, An Charraig, Co. Dhún na nGall  
 
  tuilleadh eolais
   
 
  baile > ceol, amhráin & rince - seisiúin cheoil  r-phost