intercelt
  baile > ceol, amhráin & rince - ceachtanna r-phost 
   

Ceol, Amhráin & Rince -
Ceachtanna

 
 
 


cogar - ireland's provinces
Mar is eol d'aon duine a bhíonn ag iarraidh damhsa nó gléas ceoil a fhoghlaim is mór an dua atá ag baint leis agus is minic a bheadh fonn ort éirí as ar fad. Níl slí níos fearr chun tú a mhisniú ná freastal ar scoil samhraidh nó ar shraith ranganna. Tá seans mhaith ann go mbuailfidh tú le ceoltóirí nó le rinceoirí mór le rá agus go mbeidh tú ag foghlaim uathu.

Tá sonraí bailithe againn anseo ar chuid de na scoileanna samhraidh ceoil ar fud na tíre agus áiteanna a mbíonn ranganna ar fáil. Tá an t-eolas roinnte de réir na gcúigí ina mbíonn na himeachtaí ar siúl. Tá an t-eolas fo-roinnte arís idir ranganna ceoil agus ranganna damhsa.
 

 

   ^ 
  Connacht
 
 
  Ceachtanna Ceoil

- Ceol na Locha, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo  
  Reáchtáileann an scoil ranganna ar an mbosca ceoil, ar an ngiotár, ar an maindilín, ar an mbainseó, ar an bhfeadóg mhór, agus ar roinnt uirlisí eile.
- ar siúl Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Cumar, f/ch Nóirín Ní Ghrádaigh, Eastát Tionsclaíochta Casla, Casla, Co.na Gaillimhe  
  Scoil bhliantúil a bhíonn ar siúl i nGaeltacht Chonamara
- Tá CUMAR 2002 ar siúl 1 - 6 Aibreán 2002
  tuilleadh eolais
   
- Féile Cláirsí agus Cultúir in ómós Uí Chearrúlláin, Céideadh, Co.Ros Comáin  
  Scoil bhliantúil in ómós Uí Chearrúlláin i gCéideadh, Co. Ros Comáin
- ar siúl 29 Iúil - 2 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Acla, Acaill, Co. Mhaigh Eo
  Scoil samhraidh agus féile bhliantúil, le ranganna ar uirlisí ceoil thraidisiúnta.
- ar siúl 29 Iúil - 11 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Samhraidh Joe Mooney, Droim Seanbhó, Co.Liatroma
  Scoil samhraidh agus féile bhliantúil le ranganna ar uirlisí ceoil thraidisiúnta
- ar siúl 20 - 27 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Samhraidh an Dr. Dubhghlas de hÍde, Bealach an Doirín, Co.Ros Comáin
  Scoil samhraidh agus féile bhliantúil le ranganna ar uirlisí ceoil thraidisiúnta

- ar siúl 30 Meitheamh - 6 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
  Ceachtanna Rince

- Cumar, f/ch Nóirín Ní Ghrádaigh, Eastát Tionsclaíochta Casla, Casla, Co.na Gaillimhe  
  Seachtain sainoiliúna sna healaíona dúchasacha i nGaeltacht Chonamara
- ar siúl 1 - 6 Aibreán 2002
  tuilleadh eolais
   
- Féile Cláirsí agus Cultúir in ómós Uí Chearrúlláin, Céideadh, Co.Ros Comáin  
  Scoil bhliantúil in ómós Uí Chearrúlláin i gCéideadh, Co. Ros Comáin
- ar siúl 29 Iúil - 2 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Samhraidh Joe Mooney, Droim Seanbhó, Co.Liatroma
  Scoil samhraidh agus féile bhliantúil le ranganna ar uirlisí ceoil thraidisiúnta agus rince
- ar siúl 20 - 27 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Samhraidh an Dr. Dubhghlas de hÍde, Bealach an Doirín, Co.Ros Comáin
  Scoil samhraidh agus féile bhliantúil le ranganna ar uirlisí ceoil thraidisiúnta agus rince seite

- ar siúl 30 Meitheamh - 6 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Laighean
 
 
  Ceachtanna Ceoil

- Áras Chrónáin, Br. an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22  
  Bíonn ranganna ceoil ag Áras Chrónáin ar an gcuid is mó de na huirlisí traidisiúnta. Bíonn trí théarmaí in aghaidh na bliana, agus bíonn na ranganna ar siúl tráthnóna Déardaoin.
  tuilleadh eolais
   
- Sean Nós Cois Life, Baile Átha Cliath.
  Féile bhliantúil chun amhránaíocht dhúchasach i nGaeilge a chur chun cinn agus a neartú
- ar siúl 19 - 21 Aibreán 2002
  tuilleadh eolais
   
  Ceachtanna Rince

- Áras Chrónáin, Br. an Úlloird, Cluain Dolcáin, BÁC 22  
  Bíonn ranganna seite, ranganna damhsa céime agus céilí ar siúl in Áras Chrónáin i rith na bliana. Bíonn trí théarmaí in aghaidh na bliana, i dtreonasc leis na téarmaí scoile.
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Mumhan
 
 
  Ceachtanna Ceoil

- Díseart, Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais
 
  tuilleadh eolais
   
- Fleadh Cheoil na hÉireann, Lios Tuathail, Co. Chiarraí
  Bíonn Scoil Éigse ar siúl an tseachtain roimh Fhleadh Cheoil na hÉireann, le ranganna ar an gcuid is mó de na huirlisí traidisiúnta.
- ar siúl 18-23 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Ionad Cheol Cruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh, Luimneach  
  I measc na n-uirlisí atá i gceist ar chúrsa, BLAS, tá fidil, feadóg mhór, bodhrán agus consairtín.
- ar siúl mí Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Samhraidh Willie Clancy, Sráid na Cathrach, Co.an Chláir  
  Bíonn ranganna ar an gcuid is mó de na huirlisí ceoil traidisiúnta ag an scoil samhraidh cáiliúil seo.
- ar siúl 6 -14 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
- Seachtain Daonscoile, An Rinn, Co. Phort Láirge
  Beidh ceachtanna rince agus Amhráin á reachtáil ag Daonscoil na Mumhan ón 17-24 Lúnasa 2002.
  tuilleadh eolais
   
  Ceachtanna Rince

- Christy Mac Gearailt, Dún Chaoin, Trá Lí, Co. Chiarraí  
  Reáchtáileann Christy ceardlanna rince do ghrúpaí.
- dátaí in oiriúint do na rannpháirtithe
  tuilleadh eolais
   
- Fleadh Cheoil na hÉireann, Lios Tuathail, Co. Chiarraí
  Bíonn Scoil Éigse ar siúl an tseachtain roimh Fhleadh Cheoil na hÉireann. Bíónn ranganna ar rince ar an sean-nós chomh maith le rince seite
- ar siúl 18-23 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
- Ionad Cheol Cruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh, Luimneach  
  Mar chuid de scoil samhraidh - BLAS- déantar staidéar ar stíleanna éagsúla damhsa thraidisiúnta, sean-nóis agus ar dhamhsa céime chomh maith.
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Samhraidh Willie Clancy, Sráid na Cathrach, Co.an Chláir  
  Bíonn ranganna ag an scoil samhraidh cáiliúil seo ar an gcuid is mó de na huirlisí ceoil traidisiúnta chomh maith le rince seite agus rince ar an sean-nós.
- ar siúl 6 - 14 Iúil 2002
  tuilleadh eolais
   
- Seachtain Daonscoile, An Rinn, Co. Phort Láirge
 
  tuilleadh eolais
   
 

   ^ 
  Uladh
 
 
  Ceachtanna Ceoil

- Féile Chomórtha Mick agus Mhichíl Carr, Mín na nAoirí, An Charraig, Co. Dhún na nGall  
  Féile bhliantúil cheoil traidisiúnta a bhíonn ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall.
- ar siúl Meitheamh 2002
  tuilleadh eolais
   
- Féile na nAmhrán, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha  
  Déanfaidh Féile na nAmhrán ceiliúradh ar thraidisiúin amhránaíochta na hÉireann agus na hAlban.
- ar siúl Bealtaine 2002
  tuilleadh eolais
   
- Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
  Bíonn roinnt mhaith cúrsaí ag Oideas Gael i bhfoghlaim uirlisí ceoil:
1. Cúrsaí dheireadh seachtaine i bhfoghlaim an Bhodhráin go luath i mí Mheithimh agus Meán Fómhair 2002.
2. Cúrsaí dheireadh seachtaine agus cúrsaí seachtaine ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin go déanach i mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair 2002
  tuilleadh eolais
   
- Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, An Bunbeag, Co.Dhún na nGall  
  Soláthraíonn an scoil gheimhridh seo ranganna ar uirlisí éagsúla.
- ar siúl deireadh mhí na Nollag - tús mhí Eanair
  tuilleadh eolais
   
  Ceachtanna Rince

- Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
  Bíonn cúrsa seachtaine ag Oideas Gael ar rince
- ar siúl 17 - 24 Lúnasa 2002
  tuilleadh eolais
   
 
  baile > ceol, amhráin & rince - ceachtanna  r-phost